Bhain painéal peile Rang 5 sár-taitneamh as an turas go Rath Chairn an tseachtain seo caite. Cé go ndearna siad a seacht ndícheall ar an bpáirc imeartha, níor éirigh leo an chraobh a shroichint i mbliana, agus iad ag imirt in aghaidh fhoirne scoileanna eile tógtha ó Rang 6 don chuid is mó. Buíochas mór le Múinteoirí Art agus Lára a thaisteal leis na páistí. Tá peileadórií Rang 5 ag súil cheana féin le filleadh ar Rath Chairn an bhliain seo chugainn nuair a bheidh siad i Rang 6!

Our Rang 5 football panel had a great time in Rath Chairn last week. They played their hearts out but didn’t get to the final this year, as they were up against teams drawn mainly from Rang 6 in other schools. Thanks to An M. Art and An M. Lára who travelled with the team. Rang 5 have vowed to return to Rathchairn next year,when they will be in Rang 6!

Bhí turas den scoth ag Rang 6 i gCo. Mhuigh Eo agus an t-adh dearg leo leis an dea-aimsir do na gníomhachtaí go léir a bhí eagraithe dóibh. Ghlac siad páirt i mórán gníomhachtaí uisce agus d’éirigh leo am a chur ar leathtaobh do chluiche Quaser chomh maith! Buíochas ó chroí le Múinteoirí Mícheál, Conchobhar agus Aisling a d’imigh ar an turas iontach seo in éineacht leis na páistí.

Rang 6 had the trip of a lifetime to Co. Mayo and were most fortunate to enjoy great weather for all of their activities. They took part in many different kinds of water activities and even managed to find time for a game of Quaser! Thanks to An M. Mícheal, An M. Conchobhar and An M. Aisling for accompanying the pupils on this wonderful trip.