Rannta Scipeála Skipping Rhymes

Bachlóg’ ar Chrann

Bachlóg’ ar chrann,

Bachlóg’ ar chrann,

Ní fada go mbeidh mo bhreithlá ann,

Eanáir, Feabhra, Márta….

  

Aon, Dó

Aon, dó, Capall is bó,

Trí, ceathair, Bróga leathair, 

Cúig, sé, Cupán tae, 

Seacht, ocht, Seanbhean bhocht, 

Naoi deich,Císte te!

Cé hé do Leannán

Cé hé do leannán? 

Cé hé do ghrá?

An dtosaíonn a ainm le hÁ nó Bá?

A,B,C,D…….

Leag an Bord

Leag an bord, 

Leag an bord, 

Scian is forc 

Is plátai in ord.

Piobar dubh, 

Piobar dubh, 

Prátaí nua 

Is cúpla ubh.

Úlla, Cnónna is Plumaí

Úllaí, cnónna is plumaí ar chrann,

Cathain a bheidh do bhreithlá ann?

Eanáir, Feabhra ……

Bainne na nGabhar nó Bainne na mBó

Bainne na ngabhar nó bainne na mbó,

Prátaí rósta is neart im leo!

Comhair na prátai a gheobhaidh tú féin,

Níos mó ná dó, níos lú ná sé?

-A haon, a dó, a trí, a ceathair……..

Scipeáil suas is scipeáil síos

Scipeáil suas is scipeáil síos 

Scipeáil timpeall is timpeall arís

 Buail do bhosa a haon, a dó, a trí

Tig liom scipeáil go Sciobairín!

A haon, a dó , a trí,

A haon, a dó , a trí,

A ceathair, a cúig, a sé,

Is breá liom bheith ag truslóg, 

Is breá liom bheith ag léim.

A seacht a hocht, a naoi, 

A seacht, a hocht, a naoi, 

Ní stopfaidh mé, ní stopfaidh mé,

Go mbeidh mé i mBaile Átha Cliath!