Is clár spraoiúil taitneamhach é seo ina bhfoghlaimíonn páistí ó aois 8 – 18 scileanna a bhaineann le hEolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Mata. Déanann siad robó a dhearadh, a thógail agus a chlárú chun páirt a ghlacadh i gcomórtas ollmhór. Bíonn na comórtais seo ar siúl go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. Chomh maith leis na scileanna thuasluaite, éiríonn leis na daltaí scileanna luachmhara eile a shealbhú, ina measc, bainistiú tionscnaimh, cur i láthair. obair fhoirne agus scileanna cinnireachta.
Is féidir breis a léamh faoi anseo.
VEX Robotics is an exciting and fun program where school children from 8-18 years learn about Science Technology Engineering and Maths (STEM) while having fun! They design, build, program and compete with a robot in a spectacular competition. The competitions are run locally, nationally and internationally. In addition to STEM, students acquire other valuable skills such as project management, presentation, teamwork, leadership skills and much more!
You can read more about it here