Rinne muintir Paul Farrell, uncail Nathan (Rang 5) agus Keelan (Rang 1) rud fíor álainn le déanaí, i gcuimhne air. Bhíomar ag bailiú airgid an téarma seo caite chun cúil pheile a fháil don Fhód Spraoi ach ní raibh dóthain curtha le chéile again. Tháinig Muintir Uí Fhearaíl i gcabhair orainn chun an bhreis a thabhairt dúinn agus mar thoradh air sin, bhíomar in ann na cúil a cheannach agus iad a bheith in úsáid do théarma an tsamhraidh. Cuirfidh plaic bheag atá ceangailte le ceann de na cúil Paul agus a mhuintir i gcuimhne dúinn nuair atáimid ag imirt ann.

The family of the late Paul Farrell, uncle to Nathan (Rang 5) and Keelan (Rang 1) made a lovely gesture in his memory recently. We had been fundraising for goalposts for our Astro-turf over the last term and hadn’t met our target yet, when the Farrell family stepped in and gave us a gift to make up the shortfall. This meant that we could purchase the goalposts immediately and have them ready for use in the last term of school. A plaque remembering Paul near the posts will serve as a reminder to us of him and his family.