Mar is gnách dúinn sa Ghaelscoil, bhí beagnach gach duine sa scoil, idir fhoireann, pháistí agus roinnt mhaith tuismitheoirí, gléasta d’Oíche Shamhna ar an lá gur thosaigh ar sos lár-théarma. Bhí sé deacair gach duine a aithint agus bhain éagsúlacht fhairsing leis na cultacha go léír. Chaith na ranganna go léír seal ag imirt na gcluichí traidisiúnta a bhaineann leis an am speisialta seo den bhliain agus bhí lá den scoth again go léír!

Pictiúr tóghta ag Aoife Ní Shiail, Rang a Dó

As is tradition here in the Gaelscoil, almost everyone got into the Halloween spirit and dressed for the occasion on the day we broke up for the mid-term break. There was a broad variety of costumes on display from pupils, staff members and many parents. All classes spent some time enjoying the traditional games associated with this time of the year and everyone had a day to remember!