D’éirigh thar barr le foirne seó-léimní na Gaelscoile i Loch Gorman, áit inar ghnóthaigh siad an chéad agus an dara háit sa léig idir-scoile. Bhí ocht bhfoireann déag ar fad sa chomórtas. Éacht don scoil ab ea é, ina raibh marcach amháin, Lucy Nic Íomair, ag glacadh páirte sa chomórtas don chéad uair riamh agus an té is óige ar an bhfoireann, Lucy Ní Cheallaigh, i Rang 1. Tá siad ar fad, idir mharcaigh agus chapaillíní, ag súil go mór leis an gcéad chomórtas eile!

It was a most successful day for the Gaelscoil show-jumpers in Wexford Equestrian Centre, where our two teams captured 1st and 2nd place in the inter-schools league. There were 18 teams in total in contention. This achievement was all the more remarkable as we had one rider, Lucy Nic Iomhair making her debut and that our youngest rider, Lucy Ní Cheallaigh is only in 1st class. Ponies and pilots look forward to their next day out in the Gaelscoil colours!