Tá Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc ag comóradh 35 bliain den oideachas trí Ghaeilge i gCeatharlach. Chun é seo a cheiliúradh, beidh ceolchoirm speisialta ar siúl in Ostán Woodford Dolmen agus slua d’iarscoláirí agus de mhúinteoirí ag glacadh páirte ann. Roinnfear an brabús idir Coiste Forbartha na Gaelscoile agus Cúram, Osipís Chontae Cheatharlach. Tá ticéid ar fáil tríd an scoil nó ar an oíche ar costas €10 an ceann.

Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc is celebrating its 35th year of education through Irish in Carlow. To mark this milestone, a gala concert will take place in the Woodford Dolmen Hotel, featuring a host of past pupils and teachers. Monies raised will be shared between the school’s development fund and Cúram, Carlow Hospice. Tickets priced at €10 are available through the school or on the night.