Sí Clíodhna Ní Ghabháin, dalta Rang 6, a ghnóthaigh an chéad áit sa chomóratas seo le pictiúr di fein ag léamh ag craobh Peile na mBan i bPáirc an Chrócaigh. Bhí banna ceoil Ard Adhain ag seinnt sa chúlra agus í i mbun léitheoireachta. Geallann sí dúinn gur ghlac sí sos ón leabharchun féachaint ar na cluichí iontacha a bhí ar siúl ina dhiaidh sin!

Bhuaigh beirt dhalta eile duaiseanna dá gcuid relfie chomh maith – Conall Ó Scolaí agus Dearbhla Ní Leiatháin Ní Nualláin. Ba mhór na sceitimíní a bhí orthu go léir nuair a tháinig beartanna leabhar gleoite chucu. Cuirfidh siad go mór le leabharlann álainn na scoile.

The winning entry was taken by 6th class pupil, Clíodhna Ní Ghabháin, at the Ladies’ Gaelic Football final in Croke Park. Clíodhna was reading her book as the Artane Band paraded on the pitch in the background. She assures us that she did take a break from reading to enjoy the action packed games which followed!

Two other pupils also won prizes in recognition of their relfies – Conall Ó Scolaí and Dearbhla Ní Liatháin-Ní Nualláin. There was great excitement when the haul of beautiful books arrived to the Gaelscoil, a welcome addition to the school’s magnificent library.