Tá áthas an domhain orainn gur bhuamar an chéad áit i gCeatharlach i gcomórtas na mBailte Slachtmhara, a bhí fógraithe an tseachtain seo caite. is toradh é seo ar an bpolasaí atá againn mar scoil maidir meas a léiriú agus le haire a thabhairt don timpeallacht. Is áis iontach é gairdín orgánach glasraí agus torthaí na scoile agus táimid de shíor ag cur leis agus á fheabhsú.

Tá ard-mholadh tuillte ag Coiste Garraíadóireachta agus ag Coiste Glas na scoile, mar atá ag an M. Conchobhar, a eagraíonn an obair seo.

We are delighted to have been chosen as the best primary school in Carlow in the Tidy Towns’ Competition, as announced last week. The award is testament to our whole school policy of respect for and caring for our environment. Our organic fruit and vegetable school garden is a great resource and is constantly being improved, year in, year out.

The Green Schools’ Committee and the Gardening Club deserve special mention, as does An M. Conchobhar, who oversees the project.