Bronntar Gradam an Phiarsaigh ar dhaoine ar measadh sáriarracht a bheith déanta acu chun idéil an Phiarsaigh a chur chun cinn.

Ba dhuine de ghrúpa beag í Bríde de Róiste a bhunaigh naíonra i gCeatharlach – áit a bhfuil sí ina cónaí – sa bhliain 1980. Bhí sí ina príomhoide ar Ghaelscoil Eoghain Uí Thuairisc ina dhiaidh sin nuair a bunaíodh í sa bhliain 1982 agus mhéadaigh líon na ndaltaí ó 20 go 480 faoina cúram. Spreag sí pobal an cheantair Gaeloideachas dara leibhéal a éileamh agus d’éirigh le lucht an fheachtais sin Gaelcholáiste Cheatharlach a bhunú i 1990. Cuireann sí cúrsaí Gaeilge ar fáil do dhaoine fásta i gCeatharlach agus is í a reáchtálann an Dioplóma sa Ghaeilge i gcomhar le hOllscoil na Gaillimhe. D’éirigh léi an Fhéile Pan-Cheilteach a thabhairt go Ceatharlach sna blianta 2012 agus 2013 agus arís an bhliain seo chugainn.

Agus an gradam á bhronnadh aige, dúirt Mícheál Ó Muircheartaigh go bhfuil “ionchur den scoth” déanta ag Bríde de Róiste“ . Dhearbhaigh sé go mbeadh gach gné de chultúr na hÉireann fite fuaite trí churaclam na scoile. Is lóchrann dóchais a leithéid seo, don iliomad oideachasóir ó shin.

Gradam an Phiarsaigh is bestowed on people who have made an outstanding contribution to promoting the Irish language and in the ideals of Pádraig Pearse

Bríde was involved in the setting up the pre-school Naíonra in 1980, followed two years later by Gaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. The natural progression was post-primary education through Irish, and that came about in 1990 when Gaelcholáiste Cheatharlach opened.

Bríde was the first principal of An Ghaelscoil and during her tenure, the school grew from a few children to over four hundred and eighty pupils. She has also been instrumental in establishing the local “Eigse” arts festival , the “Féile an Fhómhair” festival. Through her work, the Pan Celtic festival took place in Carlow in 2012 and 2013 and will now return to Carlow in 2016. Bríde organises Irish courses for adults and is also the organiser, in conjunction with University College Galway, of an Irish diploma course.

On presenting the award, Mícheál Ó Muircheartaigh stated that Bríde had exceptional input to the promotion of Irish and that she had ensured that our culture was closely interwoven with the school curriculum. He described her a beacon of hope and a shining example to many educators since then.