Ghlac páistí Rang 6 le Sacraimint an Chomhneartaithe i Séipéal an Teaghlaigh Naofa, Easca, ar an Satharn. Rinne an Monsignor Caoimhín Ó Néill, An tAthair Joe O’ Neill agus an tAthair Seán Hyland an t-Aifreann a chomh-cheiliúradh. Bhí ullmhúchán den scoth déanta ag na buachaillí agus ag na cailíní, in éineacht le Múinteoirí Conchobhar agus Mícheál, don searmanas agus ba léir é seo sa cheol agus san amhránaíocht chomh maith leis na léachtanna, na paidreacha agus Mórshiúl na hOfrála. Bhí cuma álainn ar an séipéal, a bhí maisithe go hálainn le saothar ealaíne na bpáistí agus bhí gach duine an-tógtha leis. I ndiaidh an Aifrinn, bhailigh an slua san Ionad Paróiste, áit ina raibh cupán tae, ceapairí agus cístí láimh dhéanta curtha ar fáil ag Cairde na Gaelscoile. Comhghairdeas le gach duine de na buachaillí agus cailíní – guímid gach beannacht orthu ar an ócáid shontasach seo.

Our 6th Class children received the sacrament of Confirmation on Saturday last in Holy Church, Askea. The Mass was concelebrated by Monsignor Caoimhín Ó Néill, Fr. Joe O’ Neill and Fr. Seán Hyland. The boys and girls, with their teachers, Múinteoir Conchobhar and Múinteoir Mícheál, had put a great amount of work into preparing for the ceremony and this was evident in the beautiful singing and music as well as the readings, prayers and Offertory Procession. The church was beautifully decorated with the children’s artwork which was admired by all. After the Mass, everyone was treated to a welcome cup of tea with sandwiches and home baking in the nearby Parish Centre, compliments of our Parents’ Association. We congratulate each of the boys and girls and wish them every blessing at this significant milestone in their lives.