Comhghairdeas ó chroí leis na buachaillí a ghlac páirt i gcomórtais Liathróid Láimhe Chumann na mBunscol ar son na Gaelscoile le déanaí.D’imir Aonghus Ó Sé sa chomórtas faoi 13 agus beidh Séamus Ó Cú Uladh ag dul ar aghaidh go Craobh Laighean faoi 11 ar son na scoile agus mar churadh an chontae. Guímid gach rath air!

Is mór an onóir do na buachaillí a bh roghnaithe ó phainéal peile sinsir na scoile chun imirt ag cluiche taispeántais ag cluiche sraithe idir Ceatharlach agus Londain ar an Domhnach.D’eirigh lenár mbuachaillí an cluiche a bhuachaint in aghaidh Scoil an Easpaig Uí Fhoghlú.

Tá Rang 1 agus 2 i mbun scileanna sacair a fhorbairt le roinnt seachtainí anuas. Tá Irene Cunningham linn arís chun rince ar an sean nós a mhúineadh. Glacann gach Rang ó 1 – 4 páirt i ranganna snámha mar chuid den snáth uisce ar churaclam Chorp Oideachais. Tá Rang 1(An M. Emer) agus Rang 3 (An M. Eithne) ag freastal ar cheachtanna i Linn Snámha Ghráig Chuilinn faoi láthair.