Tá cuma na Nollag ar an scoil go cinnte. Rinneamar Fleasc na hAidbhinte ag tús an tséasúir agus tá sé in úsáid ag tionóil scoile, le coinnle difriúla á lasadh agus sinn ag druidim i dtreo na Nollag.Tá mainséar na Nollag in áit lárnach sa scoil agus tá crann Nollag agus fear sneachta ollmhór ag an bpríomhdoras! Tá obair ealaíne den scoth le feiceáil mórthimpeall na scoile agus gach duine ag ullmhú don Nollaig.

The school is looking very festive. Earlier in the term, we prepared an Advent Wreath and it has been used at assembly, with different candles being lit as we approach Christmas Day.The school crib is on display at reception and the Christmas tree and a giant snowman can be seen at main door! Beautiful works of art are to be found throughout the school as each class prepares for the holiday.

Tá roinn grianghraf den saothar sin le feiceáil anseo.

Some photos of work from around the school can be viewed here.

Bhain gach duine sa scoil ard-taitneamh as an ngeamaireacht “Sinbad the Sailor” i Halla de Róiste le déanaí. Is airgead ón mbailiúchán Cairde a d’íoc as seo.

The whole school recently enjoyed the pantomime “Sinbad the Sailor” in Halla de Róiste. The cost of this performance was covered by Cairde contributions this term.

The carol service was held in Holy Family Church and featured carols in Irish, English, German and Latin and the Christmas story was re-enacted by Rang 4 using large cardboard figures created specially by Rang 5. As you aware, each child from senior infants upwards learns a traditional instrument, so have our own musicians play for ceremonies such as this each year. The school choir sang beautifully to add to the occasion. We are honoured to have been chosen by the Kildare and Leighlin diocese to have the service recorded for the diocesan website.

Ba i Séipéal an Teaghlaigh Naofa a léiríodh ár seirbhís charúl ina raibh carúil as Gaeilge, as Béarla, as Gearmánais agus as Laidin. Chuir páistí Rang 4 scéal na Nollag i láthair le deilbhíní a bhí deartha go speisialta ag Rang 5 don ócáid.Mar is eol do chách, foghlamaíonn gach páiste ó Naíonáin Mhóra úirlis ceoil traidisiúnta agus mar thoradh ar an obair sin, bíonn ár gceoltóirí ar fáil chun seinm ag ócáidí mar seo. Chan cór na scoile go binn, rud a chuir go mór leis an searmanas. Is mór an onóir dúinn a bheith roghnaithe chun ár léiriú a bheith curtha ar shuíomh idirlín Chill Dara agus Leithghlinn.

D’éirigh le foireann iománaíochta na scoile craobh an chontae a bhuachaint don tríú huair i gcomórtas faoi dhíon Chumann na mBunscol.

The boys’ indoor hurling team captured the Allianz Cumann na mBunscol County Indoor title for the third time.

Is traidisiún anois é go mbíonn deis ag gach páiste sa scoil brioscaí Nollag a mhaisiú agus a ithe dar ndóigh! D’irigh go hiontach le crannchur na Nollag freisin. Buíochas ó chroí le Coiste Cairde na scoile agus gach tuismitheoir a chabhraigh na himeachtaí seo a eagrú.

As is now a Gaelscoil Christmas tradition, every child in the school got the chance to decorate their own Christmas cookie and of course, to eat the finished product! The Christmas raffle was also a great success. Many thanks to our hardworking Cairde committee and all the parents who helped with these events.

Spreagaimid na páistí chun smaoineamh ar dhaoine eile ag an am seo freisin. Thugamar dhá thráthnóna ag buscáil ar son Chumann N. Uinseann de Pól agus Ionad Faoisimh Thír na n-Óg. D’éirigh thar barr le bailiúchán na mbonn do Thír na n-Óg chomh maith. Bhailigh daltaí na scoile beagnach 200 bosca Nollag do Team Hope, chun go mbeidh bronntanais ag páistí bochta i dtíortha eile um Nollaig freisin.

We encourage the children to think of others at this time and we held the usual

Christmas busking over two evenings for the local Society of Saint Vincent de Paul and the Tír na n-Óg Respite Centre. The copper collection for Tír na n-Óg was also very well supported. Our pupils also collected almost 200 boxes for Team Hope, so that children in other countries can receive gifts this Christmas.

Guímid sonas agus síocháin ar gach uile ball de phobal na scoile um Nollaig agus san Athbhliain.

We wish all the members of the Gaelscoil community a happy and peaceful Christmas and every blessing for the New Year.

Osclóidh an scoil arís ar 5ú Eanáir ar 9.20.

School reopens on January 5th at 9.20.