Tá sé de theist ar an nGaelscoil riamh go mbionn sí chun tosaigh ar spórt do chách agus nósanna maireachtála sláintiúla a fhorbairt mar chuid d’fhorbairt iomlánaíoch an linbh. Bíonn an scoil páirteach sa pheil Ghaelach, iománaíocht agus camógaíocht, scuais, liathróid láimhe, cispheil, seóléimneach. cispheil, maraon le an-chuid gníomhaíochtaí eile agus an sé shnáithe san áireamh sa Churaclam Corpoideachais, lúthchleasíocht, damhsa, gleacaíocht, cluichí, gníomhaíochtaí lasmuigh/ gníomhaíochtaí eachtraíochta agus oiliúint uisce. Is beag scoil go bhfuil balla spóirt acu mar atá againn agus is mór linn páirc shóisear Éire Óg atá taobh linn a bheith ar fáil dúinn freisin.

An bhliain seo caite, rinneamar cinneadh iarratas a chur isteach don Brat Scoile Ghníomhaí. Maraon leis na gníomhachtaí a bhíonn ar siúl againn ar bhonn leanúnach, bhí deis ag na páistí páirt a ghlacadh i réimhse níos leithne fós d’imeachtaí chun snáithe uile an churaclain Chorp Oideachais a chlúdach, ina measc júdó, Zumba, rince sean-nós, cricéad, rugbaí tag, rámhaíocht, treodóireacht, “Gaiscígh an Bhia”, an chéad Rith Spraoi sa Ghaelscoil, “Fág Gach Rud agus Déan Rince” is leadóg agus d’fhás an Lá Spóirt go “Seachtain Ghníomhach”!

Thug moltóirí cuairt ar an nGaelscoil níos luaithe sa scoilbhliain seo chun bualadh leis na páistí a bhí ar choiste na Scoile Ghníomhaí agus bhí siad thar a bheith tógtha leis an réimse leathan de chláracha spóirt a bhí ar siúl sa scoil. Mar thoradh ar seo, bronnadh an brat luachmhar seo orainn agus táimid ag súil go mór leis an ardú oifigiúil sar i bhfad.

The Gaelscoil has always been to the fore in sport for all and in promoting a healthy lifestyle as part of the holistic development of our pupils. We take part in Gaelic football, hurling, camogie, squash, handball, show jumping, basketball, to name but a few and of course cover all strands of the PE curriculum- athletics, dance, games, aquatics, outdoor activities and gymnastics. We are one of the few primary schools in Ireland to have our own double sided Ball Wall and are fortunate to have the use of the Éire Óg pitch beside us too.

Last year, we decided to apply for the Active Schools’ Flag. As well as our usual activities, we had the opportunity to have pupils involved in judo, Zumba, sean-nós dancing, cricket, tag rugby, rowing , orienteering, “Food Dudes”, the inaugural Gaelscoil Fun Run , “Drop Everything and Dance” and tennis, with our annual Sports’ Day becoming a full “Active Week”!

Earlier this school year, the judges came to An Ghaelscoil to meet with the children’s Active Schools’ committee and were hugely impressed by the wide ranging programmes in place. As a result, the school was awarded the much coveted flag and we look forward to the official raising of the flag soon.