Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn. Tá dhá leabhar is fiche scríofa aici – ceithre chnuasach filíochta agus ocht leabhar déag do dhéagóirí agus do léitheoirí óga. Tá scripteanna do Ros na Rún, TG4 scríofa aici freisin. Roinneann sí a cuid ama idir scríbhneoireacht, léachtóireacht i gColáiste Oideachais Eaglais na hÉireann i mBaile Átha Cliath agus ceardlanna scríbhneoireachta i nGaelscoileanna faoi láthair. Is deis iontach dár ranganna sínsearacha a bheith ag obair le h-údar mór le rá mar í.

Áine Ní Ghlinn is a lecturer, journalist and writer. She has written twenty two books, four poetry anthologies and eighteen books for teenagers and younger readers. She has also been involved in script writing for the Irish soap “Ros na Rún.” She divides her time between lecturing in the Church of Ireland College of Education and giving writing workshops in various schools at present. It is a wonderful opportunity for our senior classes to work with such a distinguished writer.