Tháinig Corn de Róiste abhaile chun na Gaelscoile don dara bliain as a chéile le déanaí nuair a bhuaigh ár bhfoireann iománaíochta Craobh Roinn 1 i gcomórtas Allianz Chumann na mBunscol. Cluiche den scoth a bhí ann in aghaidh Mhuine Bheag agus cé go raibh an Ghaelscoil trí chúilín chun deiridh ag leath am, d’éirigh leo an chraobh a bhuachaint le trí chúilín. Tá comóradh dúbailte tuillte ag na buachaillí mar gur bhuaigh siad an comórtas laistigh agus lasmuigh sa scoilbhliain chéanna. Cé nár éirigh leis an bhfoireann chamógaíochta an chraobh a shroichint i mbliana, tá an-chuid imreoirí óga maithe againn don todhchaí.

Corn de Róiste has returned for the second year in a row to the Gaelscoil as our hurlers won the Roinn 1 Allianz Cumann na mBunscol county final. It was a thrilling match against Muine Bheag and despite the team being three point down at half time, the boys rallied to win by three points at the final whistle. The hurlers have completed another double in that they won the indoor County final and the outdoor final in the same school year. The camogie team did not make the final this year but there are lots of promising players coming up through the ranks.