Tá páistí Rang 2 (An M. Majella) gnóthach faoi láthair agus iad ag obair ar an gclár “Mata le Chéile “. Faigheann na páistí cluiche Mata gach Luan agus imríonn siad na cluichí seo sa bhaile lena muintir thar trí oíche. Is í seo an obair bhaile don mhata don tréimhse sé sheachtaine sin!

Buíochas mór leis na páistí agus a dtuismitheoirí a thugann togha na haire dár gcluichí. Gheobhaidh Rang 2 leis an M. Nóirín an deis chéanna níos déanaí sa bhliain.

Táimid tosaithe freisin ar an gclár léitheoireachta “Cairde ag Léamh”. Oibríonn páistí ó Rang 5 (An M. Ciara) le páistí Rang 1 (An M. Emer) i rith an lae scoile agus baineann siad taitneamh as a bheith ag léamh le chéile. Beidh Rang 4 agus Naíonáin Mhóra ag obair le chéile tar éis na Nollag.

Tá buachaillí agus cailíní Rang 1 (An M. Aisling) ag obair ar chóras léitheoireachta “CAPER” (Children And Parents Enjoy Reading).

Rang 2 (An M. Majella) are busy with our Shared Maths Programme called “Mata le Chéile”. The children get a Maths board game each Monday and play the game over three nights with their families. For the six weeks that this programme runs, this is their Maths homework!

Thank you to all the children and parents for looking after our games so well. Rang 2 (An M. Nóirín) will be doing the programme later in the year.

Our peer tutoring programme for Literacy “Cairde ag Léamh” has also begun. Children from Rang 5 (An M. Ciara) are partnered with Rang 1 (An M. Emer) and they meet during the school day to enjoy reading together.
The other classes of Rang 5 and Rang 1 will take part in this peer tutoring later this term. Rang 4 will work with Senior Infants after Christmas.

Rang 1 (An M. Aisling) are currently working on the Shared Reading programme “CAPER” – Children and Parents Enjoy Reading – and again the other Rang 1 and Senior Infants will take part in this later in the year.

More information on encouraging your child to read can be found here:
http:// https://www.cgscoil.ie/en-gb/parents/encouragingreading.aspx