A leithéid do théarma atá ag críochnú!

Turas Gaeltachta Rang 6

Bhí deis ag Rang 6 cadhcáil a dhéanamh agus snámh  san Aigéan Atlantach agus iad sa Ghaeltacht i MaighEo . Siad an M. Rúairí, Majella, Mícheál  agus Lynn a thaisteal leo, gabhamid buíochas ollmhór leo

Rang 6 took the opportunity to kayak and  have a swim in the Atlantic Ocean on their trip to the Gaeltacht in Mayo.We are very grateful to An M. Rúairí, Majella, Mícheál  agus Lynn who travelled with them.

Corn Ghael Linn agus Cumann na mBunscol

Bhuaigh na buachaillí agus cailíní Corn Ghael Linn sa pheil agus bhí deis ag na cailíní níos oige páirt a ghlacadh ann freisin.Is léir go bhfuil an-scil ag na cailíní óga freisin. D’imir an fhoireann chamógaíochta agus an fhoireann iománaíochta i Roinn 1 de Chomórtais eagraithe ag Cumann na mBunscol, áit gur bhain na buachaillí an chraobh amach. Bhí na caílíní ar fheabhas agus fuaireadar cleachtadh iontach. Siad An M. Jill agus An M.Rúairí a bhí á dtraenáil. Sa pheil, bhuaigh na cailíní Roinn 1 agus shroich na buachaillí an chraobh. Ár mbuíochas leis An M. Art, Nóirín agus Nichola as iad siúd a thraenáil

Our boys’ and  senior girls’ football teams captured the “Corn Ghael Linn” trophy in their respective competitions. Our younger girls took part too and showed great promise for the future.The camogie and hurling teams played in Roinn 1 of the Cumann na mBunscol competitions and the boys reached the finals. The girls played very well and got great practice.Both teams are coached by An M. Rúairí and An M. Jill. In the football , the girls took the Division 1 title and the boys reached the final. Our thanks to An M. Art, Nóirín and Nichola who train those.

An tSeachtain Ghníomhach

Tá blas de na himeachtaí i rith na Seachtaine le fáil thíós. Bhí an tseachtain thar barr! Míle buíochas leis na tuistí agus na múinteoirí a chabhraigh agus An M.Nóirín go speisialta .Táimid fíor-bhuíoch leis na clubanna ar fad a chuir imeachtaí ar fáil freisin.

You can have a taste of our Active Schools week below. The week was fantastic!  Heartfelt thanks to the parents and teachers who helped and to An M.Nóirín in particular. We also wish to extend a ” go raibh míle maith agat” to the clubs that organised activities also.

https://drive.google.com/file/d/1k-CedOor4u6zeyBbCmE_NpNWYb3XlnXa/view?usp=sharing

Bliots Peile Idir-Scoileanna

D’eagraigh An M. Ruth bliots peile leis na páistí Rang 6 ó Ghaelscoil Osraí , Gaelscoil Phortlaoise agus Gaelscoil Átha Í. Bhain gach duine an-shásamh as. Daltaí ón nGaelcholáiste a bhí  i mbun réiteoireachta.  Is An M. Cian a bhí leo agus is é a bhíonn ag traenáil Rang 3, 4 freisin .D’eagraigh sé cluiche cairdiúil do phaistí Rang 3/4 le Scoil Dhiarmada freisin. Iardhalta na Gaelscoile , James de Rút a bhíónn ag obair leis na leanaí i nDíseart Diarmada.

An M. Ruth organized an inter-school football blitz with the 6th class children from Gaelscoil Osraí , Gaelscoil Phortlaoise and Gaelscoil Átha Í. Everyone really enjoyed the day. Students from the Gaelcholáiste acted as referees.  An M. Cian went with our players and he also trains Rang 3 ,4. He organised a friendly match for the children from Scoil Diarmada also. A past pupil of An Ghaelscoil, James de Rút trains the Castledermot teams.

https://twitter.com/EoghainUi/status/1537519554921906181?s=20&t=a0V3AUV4iMdmLyVA1QNwnA

D’eagraigh An M. Móna seisiún faoin aer le déanaí agus is mór an fonn rince ar na páistí. Bhraitheamar uainn an ceol i rith srianta Covid.Hup!

An M. Móna organised a traditional music session outdoors and the children enjoyed some dancing as well.We had really missed  music during the Covid restrictions Hup!

Bhí lúchair orainn ar fad nuair a tháinig nuacht ó Rath Chairn, i gCo na Mí go raibh  an corn Gael Linn buaite ag ár bhfoireann arís i mbliana.

We were thrilled when the news filtered through from the Co. Meath Gaeltacht of Rath Chairn that our mixed football team had captured the cup once more.