Chaith An M. Aingeal nach mór daichead bliain ag múineadh i nGaelscoil Eoghain Uí Thuairisc. Bhí sí mar Phíomhoide na scoile ar feadh ceithre bliana déag, nuair a d’imigh An M. Bríde, an bhean a bhunaigh An Ghaelscoil agus a bhí mar an chéad Phríomhoide uirthi. .Lean an M. Aingeal le forbairt iomlánaíoch gach uile pháiste mar dhuine iontu féin.

De bharr shrianta Covid, ní rabhamar in ann teacht le chéile, ach d’éirigh le gach uile rang a mbuíochas a ghabháil leis An M. Aingeal le dánta, saothair ealaíne nó amhráin. Ba léir leo seo an t-ard mheas agus cion atá ag muintir na scoile uirthi. Labhair páistí R 6 ar son phobal uile na scoile nuair a dúradar “Bhí an t-ádh linn a bheith sa Ghaelscoil agus tusa mar Phríomhoide againn.” Rinne Cairde na Scoile bronnadh ar son na dtuistí agus mholadar í mar gheall ar an spéis a léirigh sí i ngach uile pháiste agus an fhís scoile a bhí aici.
Agus an fhoireann scoile ag labhairt, lúadar go raibh doras Aingil  oscailte do chách – paistí, baill fhoirne, tuistí agus cuairteoirí. Dheineadar tagairt ar mar a bhláigh an scoil faoina treoir. Ghabhadar buíochas léi don chomhairle, tacaíocht agus cairdeas ar fad thar na blianta.
                 Go gcúitítear léi a saothar sa tréimhse nua atá roimpi.