Seachtain Scoile Ghníomhaí 2022

Bhi seachtain iontach gníomhach taitneamhach spóirtiúil ag daltaí uile na scoile le linn Seachtain Ghníomhach na Gaelscoile. Bhi éagsúlacht iontach de ghniomhaíochtaí eagraithe do na ranganna éagsúla agus bhí an t-ádh linn  leis an  aimsir  a chuir go mór leis an atmasféar anamiúil a bhí le braith ar fud na scoile le linn na seachtaine.

 https://drive.google.com/file/d/1k-CedOor4u6zeyBbCmE_NpNWYb3XlnXa/view?usp=sharing

 https://twitter.com/EoghainUi/status/1539378955786108928?s=20&t=D3Rh4BYBzz05rJL798i_JQ

 Bhi an Lá Spóirt againn i rith na seachtaine. Ghlac na ranganna páirt i ngníomhaíocht ar feadh tréimhse ama roimh bogadh ar aghaidh go gníomhaíocht eile agus gníomhaíocht eile arís ina dhiaidh sin. I measc na n-imeachtaí a bhí ar fáil, bhí cúrsa bacanna,  treodóireacht, rásaí éagsúla agus cluichí beaga.

 Bhí cluichí paraisiút do ranganna éagsúla ar siúl sa halla  freisin agus imeachtaí mar damhsa, cispheil, ramhaíocht, rothaíocht, leadóg, aclaíocht,  cricéad, peil, iománaíocht, camógaíocht, sacar, cluichí clóis, bling do rothar, obair bhaile ghníomhach agus comórtas ealaíne eagraithe. Bhí idir leanaí agus múinteoirí tugtha traochta ach sona sásta ag deireadh na seachtaine. Míle buíochas leis an M. Nóirín a bhí ina comhordaitheoir.

Tá cur síos ar imeachtaí eile a bhí ar siúl sa téarma deireanach ar fáil anseo.https://cgscoil.ie/2022/06/29/cursai-spoirt/