Dalta na Seachtaine agus Gradam na Míosa

Gach seachtain, roghnaíonn na múinteoirí dalta ón rang a sheasann amach de bharr dea-iompair agus ó thaobh na hoibre de. Bronntar teastais speisialta ar na daltaí ag tionól na scoile agus cláraítear na hainmneacha sa Leabhar Órga. Glactar grianghraf den ghrúpa agus cuirtear ar an suíomh seo iad agus ar chlár fógraí speisialta ar phríomh shiúltán na scoile.

Chun aitheantas a thabhairt do ghnéithe éagsúla i saol na scoile, bíonn Gradam na Míosa ann freisin. Roghnóinn gach múinteoir ranga páiste ar chúiseanna difriúla ar bhonn sóisialta, spóirtiúil, acadúil nó ealaíne.