Tús na Gaelscoile

An Tús

Bunaíodh an Ghaelscoil ar 1ú Mean Fómhair 1982 le fiche páiste agus múinteoir amháin, an Múinteoir Bríde de Róiste. Éileamh ó thuismitheoirí na háite ba chúis le bunú na Gaelscoile. Tháinig fás agus forbairt dochreidte ar an nGaelscoil bliain i ndiaidh bliana ó shin i leith. 

Eoghan Ó Tuairisc (1919-1982)

Rugadh Eoghan Ó Tuairisc i mBéal Atha na Sluaighe, Co na Gaillimhe ar 3ú Aibreán 1919. Múinteoir ab ea é agus bhí an-shuim aige sa Stair, sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. Fear mór scéalaíochta a bhí ann. D’insíodh sé scéal do na páistí a bhí faoina chúram gach Aoine nuair a bhíodh obair na seachtaine críochnaithe. Bhí an-suim aige i ndrámaí a scríobh. Scríobh sé ‘An Maidrín Rua’ – dráma do pháistí – agus a lán drámaí agus dánta eile.
Bhog sé go Ceatharlach i 1968 agus chuir sé faoi i dTeach an Locha i Máigh Géine. Phós sé Rita Kelly ar 28ú Nollaig 1972. Ní raibh an tsláinte go maith ag Eoghan le blianta fada agus fuair sé bás ar 24ú Lúnasa 1982. Bunaíodh an scoil i Mí Meán Fómhair 1982 agus ainmníodh í i gcuimhne air.

Bóthar Phollerton

Bhog an Ghaelscoil go Bothar Phollerton i 1982. Thainig fás agus forbairt ar an scoil agus i 2006 bhí 17 seomra ranga, seomraí achmhainneacha agus halla spóirt ann ach iad go léir mar sheomraí réamhdhéanta.

An Scoil Nua
Casadh an chéad fhód ar ár suíomh nua i nGarrán na Fuinseoige ar an 23ú Eanáir 2006 agus cuireadh tús leis an tógáil go luath ina dhiaidh sin. Bhí an tógáil críochnaithe faoi dheireadh na bliana sin agus bhogamar isteach in ár scoil álainn nua ar an 13ú Nollaig 2006.

Tá fiche seomra ranga sa scoil maraon le seomraí achmhainneacha, oifigí, leabharlann, halla spóirt agus dhá chlós mór.