Éide Scoile

Sciorta donn nó pilirín dhonn le geansaí donn na scoile, léine uachtair agus carabhat donn. Bróga dorcha atá in oiriúint don scoil le stocaí nó riotóga donna. Bíonn cead ag cailíní bríste scoile a chaitheamh más mian leo. Tugtar cead do pháistí bríste gearr uachtair a chaitheamh má bhíonn an aimsir te.

Bríste donn le geansaí donn na scoile, léine uachtair agus carabhat donn. Bróga dorcha atá in oiriúint don scoil.

Bríste spóirt dubh gan logó nó stríopaí, léine polo bán agus geansaí spóirt na scoile (le ceannach ón scoil). Bróga reatha. Tugtar cead do pháistí bríste gearr dubh a chaitheamh má bhíonn an aimsir te.