Spórt

Tá sé shnáithe san áireamh sa Churaclam Corpoideachais:

  • Lúthchleasíocht
  • Damhsa
  • Gleacaíocht
  • Cluichí
  • Gníomhaíochtaí lasmuigh agus gníomhaíochtaí eachtraíochta
  • Oiliúint uisce

Tá raon leathan gníomhaíochtaí sa snáithe lúthchleasaíochta lena n-áirítear rith, léim, agus caitheamh. Tugann na gníomhaíochtaí seo dúshláin aonair do na páistí agus spreagann sé iad chun páirt a ghlacadh i gcineálacha cur chuige níos foirmiúla maidir le lúthchleasaíocht ina bhforbairt fhisiciúil níos faide anonn.

Leis an rince sa Churaclam Corpoideachais spreagtar na páistí chun feabhas a chur ar scileanna bainistithe an choirp, chun gluaiseacht a thuiscint, chun obair le daoine eile agus chun cruthaitheacht agus samhlaíocht a fhorbairt.Bíonn céilí ollmhór againn i rith Seachtain na Gaeilge gach bliain agus bíonn gach páiste páirteach ann.

Díríonn an lúthchleasaíocht ar ghníomhíochtaí an choirp cosúil le léim, casadh, luascadh agus cothromaíocht. Baineann an snáithe seo le smacht agus le bainistíocht na ngluaiseachtaí coirp i suímh a éiríonn níos deacra de réir a chéile.

Nuair a bhíonn páistí páirteach i gcluichí bíonn sé de chumas acu taitneamh a bhaint as cluichí mar rannpháirtithe agus mar chuid den lucht féachana.

Is gné nua den churaclam é snáithe na n-imeachtaí lasmuigh agus eachtraíochta. Is féidir le scoileanna pleanáil chun shiúlóidí, rothaíocht, treodóireacht agus dúshláin eile lasmuigh a bheadh oiriúnach do riachtanais, suimeanna agus cúinsí na bpáistí a dhéanamh.

Baineann an clár um oiliúint uisce ní hamháin leis an snámh a mhúineadh do na páistí ach leis an taitneamh a bhaineann siad as gníomhaíochtaí uisce-bhunaithe chomh maith. Leagann an curaclam béim ar an tábhacht a bhaineann le súgradh chun cumas agus féinmhuinín san uisce a fhorbairt.

Seachtain Ghníomhach na Gaelscoile 2016

Bíonn deis ag gach uile dhalta sa scoil corpoideachas a dhéanamh gach seachtain.Tá halla spóirt álainn againn,cúirteanna cispheile,cluiche clóis sna clósanna eagsúla,balla spóirt agus bíonn cead againn an pháirc pheile taobh linn a úsáid freisin.Faigheann gach rang ó 1 go 4 ceachtanna snámha sa linn áitiúil.Tá nasc againn le Club Setanta agus le hÉire Óg agus is mór againn an tacaíocht a thugann siad dúinn.
Tagann daltaí ón nGaelcholaiste agus ón I. T. chun cabhrú linn freisin.

Tá clú ar an nGaelscoil ó thaobh na gcluichí Gaelacha de ach go háirithe. Glacann an scoil páirt i gcomórtaisi Chumann na mBunscol, idir pheil, iomanaíocht, chamógaíocht agus liathróid láimhe.Tá Comórtas Roinn 1 sa pheil buaite ag na cailíní agus ag na buachaillí go minic ach cosúil le haon imeacht eile sa Ghaelscoil, bíonn béim ar an rannphairtaíocht ,ar an gcairdeas agus ar mheas a bheith againn ar a chéile.

Cuireann an scoil isteach ar chomórtaisí scuaise, seóléimneach agus comórtaisí cispheile , freisin.Bhuaigh na buachaillí craobh an chontae sa cispheil i mblaina agus shroich na cailíní craobh freisin.

Is breá linn iománaíocht agus camógaíocht freisin. Glacaimid páirt i gComórtaisí Chumann na mBunscol laistigh agus lasmuigh sna cluichí sin.Bhronn an scoil corn don iomanaíocht ‘Corn de Róiste’, a bronntar in ómós d’iar-phríomhoide na scoile, Bríde de Róiste agus bíonn fáilte faoi leith roimh an gcorn sin sa Ghaelscoil