Clár Fionntraithe Óga

Comhghairdeas leis an M. Ruairí agus lena rang a bhuaigh craobh an chontae!Bhí scileanna fionntraithe den scoth á gcleachtadh ag páistí Rang 4 (An M. Ruairí) agus bronnadh an chéad áit orthu dá dtionscnamh “Wilde Lights”. Tá trí shaghas ar fáil faoi láthair – “Candy Cane”, “Fresh Linen” agus “Blueberry and Vanilla”. Tá na coinnle i stáin ar a bhfuil pictiúr d’Oscar Wilde agus ráitis éagsúla uaidh. Tá éileamh chomh mór ar na coinnle gleoite seo go raibh gá dul i mbun déantúsaíochtaí arís chun breis a chur ar fáíl!