Sábháilteacht Leanaí ar Líne

Information on Social Networking

Information on Cyberbullying

Jagon Buster (Terms to do with the internet )

Is uirlis thaitneamhach, shóisialta agus oideachasúil é an tIdirlíon, ar choinníoll go n-úsáidtear go ciallmhar é. Cé go bhfuil uirlisí scagacháin Idirlín éagsúla ar fáil chun cabhrú le cosc a chur ar leanaí rochtain a fháil ar ábhar míchuí, níl aon rud níos fearr ná rannpháirteachas tuismitheoirí.

Conas a úsáideann leanaí an tIdirlíon.

Bíonn rochtain ag leanaí ar an Idirlíon ar ríomhairí, ar ghutháin soghluaiste agus ar chonsóil chluichí sa bhaile, ar scoil, i dtithe a gcairde, i leabharlanna, i gCaiféanna Idirlín agus fad agus atá siad ag gluaiseacht. Úsáideann siad é don obair bhaile, do chluichí ar líne, do bhlaganna, agus chun teachtaireachtaí meandracha agus ríomhphoist a chur. 

Tabhair cumhacht do leanaí chun iad féin a chosaint. Cé go bhfuil sé taitneamhach, sóisialta, oideachasúil agus cruthaitheach, tá sé tábhachtach go bhfoghlaimíonn leanaí conas an tIdirlíon a úsáid go ciallmhar. Ní féidir linn bheith lenár leanaí an t-am ar fad, agus mar sin, tá sé tábhachtach scileanna a thabhairt dóibh ionas gur féidir leo na cinntí cearta a dhéanamh i gcoinníollacha a d’fhéadfadh a bheith dainséarach. Tríd an gcumhacht a thabhairt dóibh, tá sé níos dóchúla gur féidir leat múineadh dóibh conas coinníollacha dainséaracha a sheachaint go hiomlán. Déan idirghníomhú le do leanaí i gcónaí agus labhair leo faoina n-eispéiris ar an Idirlíon. Bíodh eolas cothrom le dáta agat faoin teicneolaíocht atá á húsáid acu ionas gur féidir leat foghlaim leo. Bíodh a fhios agat cé na daoine a mbíonn siad ag labhairt leo agus cé na suímh a dtugann siad cuairt orthu nuair a bhíonn siad ar líne.

• Nochtadh gan choinne ar íomhánna nó ábhar míchuí.

• Sirtheoireacht déanta ag creachadóirí gnéasacha i seomraí comhrá, ar shuímh líonraithe shóisialta agus ar ríomhphost.

• Bulaíocht nó ciapadh ar líne.

• Píoráideacht bogearraí, ceoil nó físeán.

• Nochtadh faisnéise pearsanta.

• Bogearraí spiaireachta agus víris.

 Íoslódáil mhídhleathach, cosúil le comhaid cheoil faoi chosaint cóipchirt. 

• Bíodh tuiscint agat féin ar na rioscaí agus déan pleanáil roimh ré sula ligeann tú do leanaí rochtain a fháil ar an Idirlíon.

• Déan cinneadh faoi cad is féidir agus cad nach féidir le do leanaí a dhéanamh ar líne, déan comhaontú air, agus cuir in iúl é.

• Déan machnamh faoi conas a dhéanfaidh tú monatóireacht ar an úsáid a bhaineann siad as an idirlíon.

• Braithfidh na teorainneacha a leagann tú síos agus na comhráite a bheidh agat le do leanaí ar aois agus ar chumas teicniúil na leanaí, le cois ar do bhreithiúnas mar thuismitheoir.

  Tiocfaidh athrú ar na fachtóirí sin de réir mar a fhásann siad suas agus ba chóir iad a athmheas go rialta.

 Treoirlínte d’úsáid an Idirlín ag leanaí 

Ní mór duit bunrialacha a leagan síos don úsáid a bhaineann do leanaí as an Idirlíon. Leagfaidh na rialacha sin teorainneacha síos agus cabhróidh siad le leanaí tuiscint a fháil ar na cúiseanna leis na rialacha ionas gur féidir leo glacadh le freagracht as a ngníomhartha féin agus a mbreithiúnas féin a fhorbairt. 

Molaimid duit: 

• Teorainneacha a shocrú faoi cathain is féidir leo an ríomhaire a úsáid agus fad na húsáide.

• Comhaontú a dhéanamh faoi na suímh ar fiú cuairt a thabhairt orthu agus na suímh nár chóir cuairt a thabhairt orthu.

• Mol dóibh teacht chugat má tá siad míchompordach faoi aon rud ar líne ná má bhraitheann siad faoi bhagairt mar gheall air.

• Inis go han-soiléir dóibh nach bhfuil cead acu faisnéis phearsanta a sholáthar gan chead uait. Go háirithe, seoltaí, uimhreacha gutháin, sonraí scoile, pasfhocail nó pictiúir. Bí cúramach agus ná tabhair ach rochtain theoranta ar fhaisnéis cárta creidmheasa agus faisnéis bainc do leanaí.

• Tabhair rabhadh dóibh bheith cúramach faoina seoltaí ríomhphoist a thabhairt amach i seomraí comhrá nó nuair atá siad ag clárú le suímh.

• Cuir toirmeasc ar do leanaí bualadh i bpearsain le haon duine ar bhuail siad leis nó léi ar líne gan chead uait agus gan tú féin nó duine fásta freagrach eile a bheith i láthair.

• Déan comhaontú faoi na cineálacha suíomh ar fiú rochtain a fháil orthu agus na cineálacha suíomh nár chóir dul ann; mar shampla, is féidir leat beartas a dhéanamh gan chead a thabhairt dóibh seomraí comhrá neamh-mhodhnaithe nó ríomhchláir chomhroinnte comhad a úsáid.

• Cuir srian ar a gcumas bogearraí, ceol nó comhaid eile a íoslódáil gan chead uait.

• Déan comhaontú an bhfuil (nó nach bhfuil) cead acu airgead a chaitheamh ar líne. Fiú amháin mura bhfuil do chárta creidmheasa acu, má stóráil tú do shonraí le siopa ar líne, d’fhéadfadh sé a bheith éasca do leanaí do chuid airgid a chaitheamh mura gcuireann tú bearta i bhfeidhm chun a rochtain a theorannú nó mura ndéanann tú bunrialacha a chomhaontú.

• Mínigh cad iad víris agus bogearraí spiaireachta, cad atá á dhéanamh agat chun cosc a chur orthu agus iarr ar leanaí labhairt leat má fhaigheann siad teachtaireacht foláirimh agus iad ar líne.

• Déan taighde faoi shuímh idirlín atá oiriúnach d’aoiseanna do leanaí agus is féidir leat na suímh sin a mholadh dóibh.

• Cuir bearta breise i bhfeidhm chun leanaí níos óige a chosaint. Coinnigh an ríomhaire i limistéar oscailte cosúil leis an gcistin nó an seomra suite ionas gur féidir leat súil a choinneáil ar cad atá á dhéanamh ag do leanaí ar líne. Úsáid an tIdirlíon leo chun cabhrú leo nósanna brabhsála sábháilte a fhorbairt. Déan machnamh ar leas a bhaint as na gnéithe rialaithe tuismitheora ar roinnt córais oibriúcháin a chuireann ar do chumas an úsáid a bhaineann do leanaí as an ríomhaire a bhainistiú, lena n-áirítear na suímh ar féidir leo cuairt a thabhairt orthu, an féidir leo nithe a íoslódáil nó nach féidir, agus cén tráth den lá ar féidir leo a bheith ar líne.

Pointí plé

Tá sé tábhachtach go dtuigeann leanaí nádúr an Idirlín. Labhair leo faoi na hábhair seo a leanas: 

• Ní ionann daoine ar líne agus an cur síos a thug siad orthu féin i gcónaí agus uaireanta bíonn cuma chairdiúil agus iontaofa ar dhaoine dona. 

• Conas faisnéis a fhaigheann siad ar líne a mheas agus conas an difríocht a fheiceáil idir fíricí agus tuairimí.

• Nádúr na píoráideachta Idirlín – ceol, teilifís, scannáin, cluichí agus bogearraí eile a íoslódáil. Na hionchais atá agat maidir le conas a chaitheann do leanaí le daoine eile agus iad ar líne. Mínigh nach bhfuil cúlchaint, bulaíocht etc. inghlactha. 

• Téigh cibé áit a théann do leanaí ar líne. Faigh cuntas ar – agus bain úsáid as – na spásanna líonraithe shóisialta a dtugann do leanaí cuairt orthu.

• Cuir in iúl dóibh go bhfuil tú ann, agus cabhraigh leo foghlaim conas gníomhú agus iad ag forbairt caidreamh sóisialta ar líne.

 Monatóireacht a dhéanamh ar iompar leanaí ar line

• Maidir le leanaí níos óige, bí i do shuí leo i gcónaí nuair atá siad ar líne.

• Iarr ar do leanaí a n-ainmneacha úsáideora ar líne agus a bpasfhocail uile a roinnt leat.

• Socraigh do bhrabhsálaí gréasáin chun srian a chur le rochtain ar ábhar míchuí. Mar shampla chun é sin a dhéanamh i Microsoft ® Internet Explorer: téigh chuig roghchlár Tools agus cliceáil Internet Options. Roghnaigh an táb Content agus ansin cliceáil Enable faoi Content Advisor.

• Mol do leanaí a n-eispéiris ar an Idirlíon a roinnt leat agus déan eispéireas teaghlaigh comhroinnte as.

• Cuir an ríomhaire i limistéar oscailte sa bhaile agus ní ina seomraí codlata.

• Déan machnamh ar bhogearraí monatóireachta Idirlín a shuiteáil chun an méid a dhéanann siad ar líne a rianú.

• Déan machnamh ar bhogearraí scagacháin idirlín a shuiteáil a d’fhéadfadh cosc a chur ar rochtain ar roinnt suímh doghlactha nó nach ligeann dóibh rochtain a fháil ach ar shuímh atá ceadaithe agat.

• Déan cinnte go n-úsáideann do leanaí seomraí comhrá a ndéantar monatóireacht orthu ar shuímh chreidiúnacha do leanaí.

• Bunaigh cuntas úsáideora teoranta ar ríomhaire an teaghlaigh a chuireann srian leis an méid is féidir leo a dhéanamh gan chead uait.

• Ná braith ar réiteach teicniúil amháin. Tá maoirseacht agus oideachas ina gcuid den tuistiú maith freisin.

• Bain úsáid as brabhsálaí gréasáin cothrom le dáta le scagaire míreanna aníos ionsuite chun cosc a chur ar fhógraí gan iarraidh ar an scáileán.

• Socraigh do bhrabhsálaithe gréasáin chun go n-osclóidís le leathanach baile atá oiriúnach do leanaí. Mar shampla, i Microsoft ® Internet Explorer téigh chuig roghchlár Tools, roghnaigh Internet Options. Ar an táb General, faoi Home Page, cló isteach seoladh an tsuímh roghnaithe.

Leideanna Is Tábhachtaí

1. Déan an tIdirlíon a thaiscéaladh le chéile.

Baineann tuismitheoirí agus leanaí araon an-taitneamh as an Idirlíon a thaiscéaladh le chéile. Cuardaigh láithreáin ghréasáin atá spreagúil agus taitneamhach agus beidh sibh in ann dearcadh dearfach faoi thaiscéaladh an Idirlín a fhorbairt le chéile. Féadfaidh sé sin cabhrú leat eispéiris dhearfacha agus dhiúltacha a lua agus a phlé sa todhchaí. 

2. Déan treoirlínte maidir leis an Idirlíon a úsáid sa bhaile a chomhaontú le do leanbh.

Déan iarracht treoirlínte a chomhaontú le do leanbh faoin úsáid a bhaintear as an Idirlíon sa bhaile. Seo duit roinnt leideanna chun cabhrú leat: 

• Conas ar chóir caitheamh le d’fhaisnéis phearsanta (ainm, seoladh, uimhir ghutháin, ríomhphost)

• Conas ar chóir caitheamh le daoine eile ar an idirlíon (comhrá, ríomhphost, teachtaireachtaí meandracha)

• Cad iad na suímh agus na gníomhaíochtaí atá inghlactha agus nach bhfuil inghlactha

 3. Mol do leanbh bheith cúramach agus faisnéis phearsanta á nochtadh aige nó aici. 

Ba chóir do thuismitheoirí a bheith ar an eolas go gcaithfear faisnéis phearsanta a sholáthar chun rochtain a fháil ar ábhar ar a lán láithreáin ghréasáin dírithe ar leanaí. Ba chóir duit agus do leanbh a bheith ar an eolas faoi cá háit agus cathain a bhfuil sé inghlactha faisnéis phearsanta a nochtadh. Riail shimplí ná nach bhfuil cead ag an leanbh ainm, uimhir ghutháin nó grianghraf a sholáthar gan chead uait. 

4. Labhair faoi na rioscaí a bhaineann le bualadh le cairde ar líne i bpearsain. 

Ba chóir do dhaoine fásta a thuiscint go bhféadann an tIdirlíon a bheith ina áit chruinnithe dhearfach do leanaí, inar féidir leo aithne a chur ar leanaí eile agus cairde nua a dhéanamh. Chun eispéiris mhíthaitneamhacha a sheachaint, áfach, tá sé tábhachtach nach mbuaileann leanaí le strainséirí ar bhuail siad leo ar an Idirlíon gan duine fásta a bhfuil muinín acu as a bheith leo. Ar aon dul síos, ba chóir go mbeadh cead óna dtuismitheoirí ag leanaí roimh ré. 

5. Déan do leanbh a theagasc faoi chritic fhoinsiúil ar an Idirlíon.

Baineann formhór na leanaí úsáid as an Idirlíon chun eolas maidir le hobair scoile agus ábhair spéise phearsanta a fheabhsú agus a fhorbairt. Ba chóir d’úsáideoirí an Idirlín bheith ar an eolas nach bhfuil an fhaisnéis uile ar líne ceart. Déan leanaí a theagasc faoi conas faisnéis a fhaigheann siad a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh le foinsí eile a bhaineann leis an ábhar céanna. 

6. Ná bí ró-chriticiúil maidir le taiscéaladh an Idirlín ag do leanbh.

Féadfaidh leanaí ábhar do dhaoine fásta a fháil ar an nGréasán trí thimpiste. Féadfaidh siad seoladh gréasáin a chur isteach go mícheart nó cliceáil ar nasc mailíseach trí thimpiste. D’fhéadfá teagmhas mar seo a úsáid mar dheis chun an t-ábhar a phlé leo agus b’fhéidir chun rialacha a dhéanamh faoi cad ba chóir dóibh a dhéanamh má fhaigheann siad ábhar míchuí. Bí réalaíoch faoin measúnú a dhéanann tú ar an úsáid a bhaineann do leanbh as an Idirlíon. Faigheann fiosracht an lámh in uachtar ó am go ham. Is fearr má tá tuiscint shoiléir ag gach aon duine ar cad atá inghlactha i do thuairim. 

7. Déan ábhar ar líne a mheasann tú go bhfuil sé mídhleathach a thuairisciú do na húdaráis chuí

Tá sé ríthábhachtach go nglacaimid uile freagracht as an nGréasán agus go ndéanaimid cúrsaí a chreidimid go bhféadfaidís bheith mídhleathach a thuairisciú do www.hotline.ie Trí thuairisc dá leithéid a thabhairt, cabhraímid le cosc a chur ar ghníomhaíochtaí mídhleathacha ar líne, cosúil le pornagrafaíocht leanaí nó iarrachtaí leanaí a mhealladh trí chomhrá, ríomhphost nó teachtaireachtaí meandracha. Tá modhanna ag an líne te chun ábhar dá leithéid sin a bhaint den Idirlíon. Tá naisc aige le heagraíochtaí comhchosúla ar fud an domhain freisin, agus mar sin, is féidir na coirpigh a thabhairt os comhair na gcúirteanna fiú amháin má tá siad lasmuigh dár ndlínse. 

8. Mol an bhéasaíocht Idirlín 

Is í béasaíocht Idirlín an cód iompair neamhfhoirmiúil don Idirlíon. Mar aon leis an ngnáthshaol, tá rialacha eitice neamhfhoirmiúla ann faoin iompar ar chóir a léiriú agus caidreamh á dhéanamh le daoine eile ar an Idirlíon. Áirítear orthu sin a bheith dea-bhéasach, teanga cheart a úsáid agus gan bhéiceadh (scríobh i mórlitreacha) nó daoine eile a chiapadh. 

9. Bíodh a fhios agat faoin úsáid a bhaineann do leanbh as an Idirlíon.

Chun a bheith in ann an úsáid a bhaineann do leanaí as an Idirlíon a threorú, tá sé ríthábhachtach a thuiscint conas a úsáideann leanaí an tIdirlíon. Lig do do leanbh na láithreáin ghréasáin a dtugann siad cuairt orthu agus an méid a tharlaíonn nuair a théann siad ann a thaispeáint duit. Trí dhul i dtaithí ar a dteicneolaíocht tá sé níos éasca duit na cinntí cearta a dhéanamh maidir leis an úsáid a bhaineann siad as an Idirlíon. 

10. Ná déan dearmad go bhfuil níos mó gnéithe dearfacha ag an Idirlíon ná gnéithe diúltacha.

Is acmhainn oideachasúil agus caithimh aimsire iontach é an Idirlíon do leanaí. Mol do do leanbh bheith ar an eolas agus leas a bhaint as acmhainn iomlán an Idirlín. 

(   http://www.makeitsecure.org/ie/index.html )