Fáilte ar ais ar scoil roimh gach duine! Tá áthas an domhain orainn na páistí agus an fhoireann ar fad a fheiceáil ar scoil arís agus cuma chomh sásta ar gach duine! Tá alán athruithe tagtha ar an scoil féin ó dhúnamar i Mí an Mhárta ach níl athrú ar bith ar an rud is tabhachtaí dúinn ar fad mar phobal scoile – go bhfuilimid go léir anseo chun cabhrú lena chéile taitneamh agus tairbhe a bhaint as gach lá, i dtimpeallacht atá oscailte, fáilteach agus chomh slán agus is féidir.

Tá ard-mholadh tuillte ag na tuismitheoirí agus na páistí go léir as an gcomhoibriú ar fad leis na córais nua. Tá an lá scoile ag tosú agus ag críochnú níos luaithe i mbliana agus tá sé seo ag dul ar aghaidh go breá. Buaileann na páistí le múinteoirí ag geataí na scoile gach maidin agus ar aghaidh leo ansin go dtí na seomraí ranga chun tabhairt faoin lá – tar éis do gach duine na lámha a ní ar dtús ar ndóigh! Tá idir mhúinteoirí agus pháistí socruithe isteach ar an obair ranga faoin dtráth seo agus tá na seomraí éagsúla ag dul i dtaithí ar an spás faoi leith atá leagtha amach dóibh rang i gclós na scoile do am lóin.

Cé nach mbeidh ar ár gcumas rudaí a dhéanamh mar a rinneamar blianta eile, táimid muiníneach, le beagán samhlaíochta agus cruthaitheachta, go mbeidh an scoilbhliain os ár gcomhair sona agus slán do chách!

A great big ‘Céad Míle Fáilte’ back to school to all! We are delighted to see our pupils and staff looking so happy to be back with us. Lots of things in the school have changed since the school closure last March but the most important thing to us as a school community remains the same – that we are all here to help each other enjoy and benefit from every day, in an environment which is open, welcoming and as safe as possible.

All the parents and children deserve great praise for the wonderful level of co-operation with our new systems. Our school day now begins and ends earlier and this is working really well. The children are met at the school gates by múinteoirí each morning and they head straight to their classrooms to begin their day – as soon as hands have been washed by all of course! The múinteoirí and children are now settling well into the school work with each classroom adapting to the designated space in the school yard for play time.

We may not be able to do things as we have done in previous years but with a little imagination and creativity, we are confident that we have done our utmost to ensure that this school year ahead will be a happy and safe as possible for everyone!