Rannta Scipeála
Bachlóg’ ar Chrann
Bachlóg’ ar chrann,
Bachlóg’ ar chrann,
Ní fada go mbeidh mo bhreithlá ann,
Eanáir, Feabhra, Márta….
Aon, Dó
Aon, dó,
Capall is bó,
Trí, ceathair,
Bróga leathair,
Cúig, sé,
Cupán tae,
Seacht, ocht,
Seanbhean bhocht,
Naoi deich,
Císte te!
Cé hé do Leannán
Cé hé do leannán?
Cé hé do ghrá?
An dtosaíonn a ainm le hÁ nó Bá?
A,B,C,D…….
Leag an Bord
Leag an bord,
Leag an bord,
Scian is forc
Is plátai in ord.
Piobar dubh,
Piobar dubh,
Prátaí nua
Is cúpla ubh.
Úlla, Cnónna is Plumaí
Úllaí, cnónna is plumaí ar chrann,
Cathain a bheidh do bhreithlá ann?
Eanáir, Feabhra ……
Bainne na nGabhar nó Bainne na mBó
Bainne na ngabhar nó bainne na mbó,
Prátaí rósta is neart im leo!
Comhair na prátai a gheobhaidh tú féin,
Níos mó ná dó, níos lú ná sé?
-A haon, a dó, a trí, a ceathair…
Scipeáil suas is scipeáil síos
Scipeáil suas is scipeáil síos
Scipeáil timpeall is timpeall arís
Buail do bhosa a haon, a dó, a trí
Tig liom scipeáil go Sciobairín!
A haon, a dó , a trí,
A haon, a dó , a trí,
A ceathair, a cúig, a sé,
Is breá liom bheith ag truslóg,
Is breá liom bheith ag léim.
A seacht a hocht, a naoi, A seacht, a hocht, a naoi,
Ní stopfaidh mé, ní stopfaidh mé,
Go mbeidh mé i mBaile Átha Cliath!