Seachtain na Gaeilge

Is tréimhse  iontach í Seachtain na Gaeilge sa Ghaelscoil. Is mór an spórt a bhíonn againn idir rince, tráth na gceist,amhránaíocht, ceol, filíocht, comórtaisí eagsúla  ceardlanna ar líne agus an scoil maisithe go hálainn, dár ndoigh.

Bíonn céilí mór amuigh sa chlós agus caitheann gach duine dathanna na féile. Tagann comhphobal na scoile le chéile chun rincí traidisiúnta ar nós “Fallaí Luimní” agus “Ionsaí na hÍnse” a dhéanamh.   Cabhraíonn na páistí san hardranganna leis na páistí óga leis an rince  I mbliana, arís rinne roinnt do na páistí “Rince na Scuaibe” faoi stiúr ag An M. Máiréad  agus bhain an lucht féachana rí-taitneamh as.

Ghlac na Naíonáin Mhóra  leis an M. Jill páirt  san Fhéile Drámaíochta agus léirigh siad  an dráma i Halla de Róiste do daltaí na Gaelscoile  freisin.  Dráma den scoth a bhí ann agus fuaireadar ard-mholadh ón  moltóir agus dhá ghradam freisin.  Bhí an  dráma bunaithe ar an leabhar cáiliúil “Monkey Puzzle” le Julia Donaldson. Ghlacadar páirt i gCoirm, áit a bhuadar trí ghradaim freisin.

 

 

Naí. Mhóra Seomra 6